Tri Yann - Cad e sin don te sin lyrics

Published

0 182 0

Tri Yann - Cad e sin don te sin lyrics

Má théimse chuig áirnéal is rince is spórt. Chuig aonach is rásaí's gach cruinniú dan tsórt, Má tím daoine súgach's má bhím súgach leo, 0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó? Má tím daoine súgach's má bhím súgach leo, 0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó? Má tím daoine súgach's má bhím súgach leo, 0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó? Má théim'na coille craobhaí, 'cruinniú sméara nó cnó, 'Bhaint ulla de ghéaga nó bhuachailleacht bó; Má shínim seal uaire faoi chrann' deanamh só 0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó?... Chuaigh mé chun aonaigh is dbiol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid's ar giní bhuí óir; Má ólaim an t-airgead's má bhronnaim an t-ór... 0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó?... Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh, Gan earra ná eadáil, gan bólacht nó stór, Má tá mise sásta' mo chónai i gcró... 0, cad é sin don té nach mbaineann sin dó?...