The Chieftains - Casadh an tSúgáin lyrics

Published

0 214 0

The Chieftains - Casadh an tSúgáin lyrics

CASADH AN TSÚGÁIN A Rí na bhfeart cad do chas ins a' dúthaigh seo mé? 'S gur mó cailín deas a gheobhainn im' dhúthaigín beag féin; Gur casadh mé isteach mar a raibh searc agus grá geal mo chléibh, 'S chuir an tseanbhean amach mé‚ ag casadh an tsúgáinín féir. Tá mo cheannsa liath le bliain is ní le críonnacht é, Ní bheataíd na bréithre na bráithre pé sa domhan scéal é; Is táim i d' dhiaidh le bliain is gan fáil agam ort féin, 'S gur geall le fia mé' 'r slaibh go mbeadh gáir con 'na dhiaidh. Do threabfainn, d'fhuirsinn, chuirfinn síol ins a' chré, 'S do dhéanfainn obair shocair, álainn, mhín, réidh, Do chuirfinn crú fén each is mire shiúil riamh ar féar, Is ná héalaodh bean le fear ná déanfadh san féin. cúrfa (chorus): Má bhíonn tú liúm [liom], a stóirín mo chroí, Ma bhíonn tú liúm [liom], bí liúm ós comhair an tsaoil; Ma bhíonn tú liúm [liom], bí liúm gach orlach de d'chroí, 'Sé mo lom go fann nach liúm Dé Domhnaigh thu mar mhnaoí