Sreabhadh - Is Crá Liom Thú lyrics

Published

0 93 0

Sreabhadh - Is Crá Liom Thú lyrics

Dúisigh chuile lá, intinn an fhíorchrá As an ngontacht éirím ar mire mar gheall díreach ar'n bhfáth Deir “Ní raibh sé sin ach tráth” Ní hé sin lom na fírinne Sin an slabhra a lascann tú i'm choinne, ag cur fola a bhíodh go daingneach liom Easpa braistinte, déine réimse Déanann tú feall orm arís Caitear stopadh i ndáiríre an t-am seo "Tosóimis úr" a deir tú Cén fáth a dhéanfaimis iarracht fiú Imchlúdaítear an dú-rún 'S t'réis an ollbhrú lú Aga ama 's an t-imeall ‘tá sroichte Gearánta síoraí tagtha (chun tosaigh) túsdraíocht fite fuaite An t-ionfharchtadh a bhfaca mé Go gliogarnach ionaim Go mbeire mé an ré liom Gineann duais-chúrsa ‘rís Draíocht i saíocht, cuir ceist ar an dáil a mhothaíonn an dís Conas a chrátar t'réis Míosa nár theastaigh uaim fanacht Mar gheall ar do lónadóireacht, táim ag crá le h-easpa threorach Ciogal crá, cúrsa grá Ag seasamh an fhóid Cliseadh na bliana Cuimhnigh go deo fad nach bhfuilim id' ghéaga Nuair nach mbeidh sinn síor-óg Ingní na h-imní ag bualadh ar bhlaoiscín mo ... chinn Caibidil theibí ‘g breathnú go ... binn: ‘Seo an sreabhadh fuinnimh ‘tá ag lonrú (mar airgead)... díom Golán, nuar ‘s olagón mar nathair na gcrann Rianta reoite ag greamú mar gha den fhonn I ndoineann ‘s i soineann Táim fanta ann ar bhinse im scaoinse Screamha pianacha, ortha a ghineann Smaoineamh a bhfuil ann; seo hé do ghradam “‘S glas iad na cnoic” a deirim, feictear todhchaí suite i lóchrann Trídscríobh mar aoi mar sreacfhéachaint i gcartlann Gan fhocal saonta le linn stuáilte mar snaidhm Gan fhocal saonta sa cheann le linn bheith im mhairtíreach Go móide mé clagarnach Arm' thaobh mar a bhíodh mé i dtosach Gan a bheith faoin mbos féilíneach, tréan ionaim fós le coilm ann go coirpeach Thabharfainn uilig don sean-Sreabhadh a bádh ina smaointe fhéin De shíor ag lorg a bheith curtha ‘rais le béim Dorn na ndeonuithe ag cur i gcéill Ag tnúth le deireadh mar choirpeach I ndiaidh (gach) aon deiridh ‘sé tús úr mangach Ciogal crá, cúrsa grá Ag seasamh an fhóid Cliseadh na bliana Cuimhnigh go deo fad nach bhfuilim id' ghéaga Nuair nach mbeidh sinn síor-óg Ingní na h-imní ag bualadh ar bhlaoiscín mo ... chinn Caibidil theibí ‘g breathnú go ... binn: ‘Seo an sreabhadh fuinnimh ‘tá ag lonrú (mar airgead)... díom