Sreabhadh - Fuil & Deora lyrics

Published

0 69 0

Sreabhadh - Fuil & Deora lyrics

Seo hí d'iontaoibh curtha i gcrích, sochaí mar bheart, níos fearr ná thú Uaim ‘sí uile fanta, leideanna ama, a leithéid “earr searbh”, inis dom fiú Fuaim na teipe ‘sea soinéad rithime, ceapadh brionglóide ar shlí réamhfhanta Go dtaga tada, go gceada aga, go leana ar aghaidh ag brú oll-stuaice An dtuigim? Amadán ceart aineolais! Óinseach-beart, dorn teipe sa scairt Dom i mbun ga nimhiúil mar scairp, screadaíl “scaird!” mar an bealach ceart Adhair an brón, i micreafón, céim i gcéim ar ladhair-bhrat I rún i ndún, gan fhios duit fiú, ceansú i gcionn i ngéim le slat Ingní á n-adhlacadh, breathnú go binn … sreabhadh boinn i gcroí an tsaoi Luí os cionn an tsaoi, cur i gcéill le croí, dallamullóg aoi, oll-teip an rí Teannas mar chorraíl, dú-pholl, seil(e) i ngluaisne fast flow Ní laochra sibh a fheara, cruinn insan cumadh, ag gníomhú díreach mar dhú-rún Ní féidir éalú ó thoradh éada, iomarbhá sáite i dté mar shuan Is luan é an dú-rún, aistriú ó shaol ar fhód báite, leis an gcliseadh buan Ag tarchéimniú le bheith i rí na bhfód, seachadh foinn leis an duán fiáin Bádh mé im smaointe fhéin le titim an bhrait, ar ais leis an gcliseadh bán Tumadh i gcéin i ngaiste, aiste le haiste ag feidhmiú díreach mar laiste Caint an-iomarca, treisíonn míolra, díchriptiú tomhais, dícháiliú saoire Lustráil droinge, tobar ní'b'dhoimhne a chara-tada ní'b'ghaire Bréag é “géilleadh”, bréag é “cairde”, ní b'fhiú é creidiú é meon an duine