Sreabhadh - Athshondas lyrics

Published

0 268 0

Sreabhadh - Athshondas lyrics

Chonaic mé umam sa láib - sméideadh i bhfad ann i lochán ráib Ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá Histéirigh - gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá Drúis is ea rud nimhiúil a ghrá - Níl a fhios a'am, mórchóir a bhí ionaim nárb ea? Ní ghráim a thuilleadh radachur im chomhluadar ‘mhuise i bhfulaingt chille X-gha a léirigh an t-údar, scar a shrac díreach mar phúdar I bhfios nár chailleadh tada ina sheasamh ar an mór-dhóchas Mungail-chogain i súil i ndeoir - cnúdánaí darb ainm “éad-fócas” Más sin é sinn, sa diabhal é linn? Am caite i ndímheas Fuil ar láimh, bogaimis cré in uaigh tháimh Geallaim leanúint i ndáiríre, téarnamh trí fhuacht an gheimhridh Réimse athshondais i do shúile le deoir, bain leacht de ‘son mo shaoire Ní féidir liom d'armacas a mhothú san aimliú-bháisteach “An maithfidh tú dom é?” - ceann na gcinn ar phléisiúir bhaolach Má tá orm an t-anam a shrac den chorp i bhfostú cuimhne seo Má chaithim díom mo chroí chuig bos do chosa ón gcruth Táim i m'aindiach sa séipéal le greim rugtha ar tua feasta Ó mhaidneachan an té ‘bé mo shaol ann leis an mbean feasa Má fhanaim marbh ar an gclár gearrtha le mothú imní ar a bhfuil Rian na ndeor clúdaithe ann le sneachta i muileann impí Chonaic mé umam sa láib - sméideadh i bhfad ann i lochán ráib Ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá Histéirigh - gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá Chonaic mé umam sa láib - sméideadh i bhfad ann i lochán ráib Ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá Histéirigh - gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá Á bhrú ar do chineáltas - ‘s feicim é - an peannaire bréag Seachas fanacht le toitín ar an mbalcón - ‘bé sin é I m'aonar anseo le gealach ‘s iomaí réalta Grá? Lean ort i bhfad, ní féidir liom sin é a thuilleadh Lig dom mo chrá a éalú, tríd an bhfuinneoig Uilig a thabhairt? Dul in éag mar a bheas sé ina shean-duilleog Réamh-chreachadh m'anam san eangach theibí - fós fanaim Ach tcím tríd an tine taibhse á nochtadh thall insan anam Fear maoithneach, monogamach ionam - tá brón orm Gaiscíoch aonair ag seasamh - imní - le srón ghorm Gach aon téacs a léamhas a bhí ina chéasadh Agus mo spéir ag caoineadh, an diagnóis ar fad a bhí ar fad doshéanta Déanaim uilig nach bhfaca an seomra im shúile gruama Ag rith uaim i dtromluí lena dtaibhrimh síoraí i screadaíl fuaime Réimse athshondais nuair a chonaic mise deoir i do shúile Buille croí - bás nó beatha deirim é - “absit invidia”! Chonaic mé umam sa láib - sméideadh i bhfad ann i lochán ráib Ní cheapaim gurb ea, a raibh caillte ionainn insan bhá Histéirigh - gabhais mo chroí mo chroí uaim i gconsta(ic) chrá Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá Drúis is ea rud nimhiúil a ghrá - Níl a fhios a'am, mórchóir a bhí ionaim nárb ea? Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá Drúis is ea rud nimhiúil a ghrá - Níl a fhios a'am, mórchóir a bhí ionaim nárb ea? Caidreamh gangaideach a chuir ciall ann - ar do nós - níl deora fá