Solas - Bruach Na Carraige Báine lyrics

Published

0 174 0

Solas - Bruach Na Carraige Báine lyrics

Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht Tá an ainnir chiúin tais mhánla Is gur ghile a cam ná an eala ar an dtonn Ó bhaitheas go bonn a bróige 'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí Is d'fhág sí i m'intinn brónach Is leigheas le fáil níl agam go brách Ó dhiúltaigh mo ghrá gheal domsa Ó b'fhearr liom fhéin ná Éire mhóir Ná saibhres Rí na Spáinne Go mbéinnse 'gus tusa i lúb na finne I gcoilltibh i bhfad ón ár gcáirde Ó mise 'gus tusa bheith pósta a ghrá Le haontoil athar is máthair A mhaighdean óig is milse póg Tú grian na Carraige Báine 'S a stuaire an chinn cailce, más dual dom go mbeir agam Beidh cóir ort a thaithneodh led' cháirde Idir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas 'S gach ní sa chathair dá bhfeabhas Beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile Is ceol binn ag beacha ar bhánta Beidh ól ar do ghlacadh is cóiste id' tharraingt Go bruach na Carraige Báine