Dubliners - Cill chais lyrics

Published

0 168 0

Dubliners - Cill chais lyrics

Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad? Tá deireadh na gcoillte ar lár Níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach 'S ní chluinfear a cling go brách An áit úd 'na gcónaíodh an dei-bhean Fuair gradam is meidhir thar mnáibh Bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann 'S an t-Aifreann binn dá rá Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann Ná iolar ag éamh cois cuain Ná fiú na mbeacha chun saothair Thabharfadh mil agus céir don tslua Níl ceol binn milis na n-éan ann Le hamharc an lae dul uainn Ná an chuaichín i mbarra na gcraobh ann Ó's í chuirfeadh an saol chun suain Aicim ar Mhuire 's ar Íosa Go dtaga sí arís chughainn slán Go mbeidh rincí fada 'gabháil timpeall Ceol fidil 's tinte cnámh Go dtógfar an baile seo ár sinsear Cill Chais bhreá, arís go hard Is go brách nó go dtiocfaidh and díle Ná feicfear é arís ar lár