Aoife Ní Fhearraigh - Cailín a' tSléibhe Ruaidh lyrics

Published

0 162 0

Aoife Ní Fhearraigh - Cailín a' tSléibhe Ruaidh lyrics

'gCluin sibh mise 'bhuachaillí An méid agaibh 'tá libh féin Suígí thart fán tinidh anseo Go n-insí mé mo scéal Bhí buachaill ar a' bhaile seo 'Bhí súgach aerach suairc Agus tháinig sé 'dhénamh cleamhnais Le cailín a' tsléibhe ruaidh A spéirbhean álainn aigeantach Ba deise méin is clú Bí 'teacht liom féin le dúscadh 'n lae Go bpóstar mé 'gus tú Bí 'teacht liom féin amárach 'S ná bíodh ort brón ná gruaim Is cuirfidh mé gúna síoda ort A chailín a' tsléibhe ruaidh Níorbh fhios don streabhóg ghiodalaigh Cad é ba chóir di 'rá Ach a' dealramh 'bhí ina súile Den oíche go ndéanfadh lá A rún mo chroí 'nois díbir thusa Mearadh 'n ghrá seo uait Nó is rún liom fanacht díomhain seal Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh A mhaidhdean mhaiseach mharánta Cad é seo 'tá tú 'rá Dearc síos a' gleann faoi bhuach na mbeann Is breathnaigh mo chuid barr Tá togha na bhfear 'sna mbeathach agam Ag obair ann go cruaidh 'S tá stór is maoin go leor agam Do chailín a' tsléibhe ruaidh Má tá stór is maoin go leor agat Ní domhsa is fearrde é Nó deirtear liom go n-ólfá thusa Maoin a' tsaoil go léir 'Do shuí suas 'dtigh an óstaí 'Do dhrabhlás bhocht gan chéill Ar feadh na hoích' ag ól 's a' gabháil 'Na bhaile le bánú 'n lae Más fear mé 'tá 'g ól, a chailín chóir Ní ólaim ach mo chuid féin Chan tú 'tá 'g íoc ar son na dí Níl agat pingin mar spré Is anois ná síl go bhfuil mo chroí Bocht briste de do chumhaidh Nó fágaim thú mar fuair mé thú Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh