Anúna - Bean Pháidín/An Poc Ar Buile lyrics

Published

0 193 0

Anúna - Bean Pháidín/An Poc Ar Buile lyrics

(Curfá 1) 'S é'n trua ghéar nach mise, nach mise 'S é'n trua ghéar nach mise bean Pháidín 'S é'n trua ghéar nach mise, nach mise 'S an bhean atá aige bheith caillte Rachainn go Gallaí' go Gallaí' Is rachainn go Gallaí' le Pháidín Rachainn go Gallaí' go Gallaí' Is thiocfainn abhaile sa mbád leis Curfá 1 Rachainn go haonach an Chlocháin Is siar go Béal Á' na Báighe Bhreathnóinn isteach tríd an bhfuinneog A' súil is go bhfeicfinn bean Pháidín Curfá 1 Go mbristear do chosa, do chosa Go mbristear do chosa 'bean Pháidín Go mbristear do chosa, do chosa Go mbristear do chosa 's do chnámha Curfá 1 Ar mo ghabáil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha Píce i m' dhóid is mé ag dul i meitheal Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh Ach pocán crón is é ar buile (Curfá 2) Alliliú puilliliu Alliliú tá an poc ar buile Alliliú puilliliu Alliliú tá an poc ar buile Ritheamar trasna trí ruilleogach Is ghluais an comhrac ar fud na muinge Is treascairt dá bhfuair sé sna turtóga Is chuas ina ainneoin ar a dhroim le fuinneamh Curfá 2 Bhí garda mór i mBaile an Róistigh Is bhailigh fórsaí chun sinn a chlipeadh Bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air Is dá bhríste nua do dhein sé giobail Curfá 2