Tiocfaidh an samhradh Agus fásfaidh an fhear Tiocfaidh an duilliúr ghlas Ar bharr na gcraobh Tiocfaidh mo rún searc Le bánú an lae Agus buailfidh sí tiúin suas Le cumhaidh i mo dhiadh Is óg's is óg a chuir mé Dúil i ngreann Dhéanfainn súgradh Le mo rún ar faill Níl baile cuain ar bith 'A ngluaisfinn ann Nach bhfaighinn maighdean óg Deas a thrialladh liom
Splóid ar an fharraige Ná is í atá mór Is í atá a gabhail idir mé Is mo mhíle stór D'fhag sí ar an bhaile seo mé A déanamh bróin Is gan aon súil lena feiceál Arís níos mó Scairt mé aréir Ag an doras ann Scairt mé arís Ar mo rún go teann 'Sé duirt a daidí liom Nach raibh sí ann Ná gur ealaigh sí aréir Leis an buachaill donn