Altan - Gleanntian Ghlas Ghaoth Dobhair lyrics

Published

0 120 0

Altan - Gleanntian Ghlas Ghaoth Dobhair lyrics

Céad slán ag sléibhte maorga Chondae Dhún na nGall Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd Ina stua os cionn caor 's call Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich Go ciún 'sa ghleann ina luí I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair Is beag nár bhris mo chroí Ag taisteal domh amach fríd chnoic Ghleann Domhain 'S an Mhucais ar mo chúl Ní miste domh 'ra le brón 's le crá Gur fhreasach a shil mise súil Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall I bhfad thar an fharraige mhór D'fhag mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall 'S ag Gleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh Ó m' thír bheag dhílis féin Ach trom lámh Gall, le cluain 'S le feall, a thiomáin mé i gnéill B'é rún mo chroí-se pilleadh arís Nuair a dhéanfainn beagán stór 'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil Fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair Slán, slán go fóill a Dhún na nGall A chondae shéimh gan smál 'S dod gheara breá in am an ghá Nár umhlaigh riamh roimh Ghall Tá áit i mo chroí do gach fear 's gach mnaoi 'S gach páiste beag agus mór Áta beo go buan, gan bhuairt, gan ghruaim Fá Ghleanntáin Ghlas Ghaoth Dobhair