Altan - An t-Oileán Úr lyrics

Published

0 243 0

Altan - An t-Oileán Úr lyrics

Rinne mé smaointiú i m'intinn Is lean mé dó go cinnte Go n-éalóinn ó mo mhuintir Anonn chun 'Oileáin Úir Tá mé ag déanamh impí Ar an Ard-Rí 'tá 's mo chionn-sa Mo choinneáil ó gach tubaiste Go gcríochnóinn mo shiúl Shiúil mé fiche míle 'S níor casadh orm Críostaí Capall, bó nó caora ag déanamh Inghilt ar an fhéar Coillte dlúth' is gleanntáin Agus búirtheach beithigh allta Fir is mná gan tant orthu A chasfá fá do mhéar Tharla isteach i dteach mé Is casadh orm daoine D'fhiafraigh siad mo ainmse Cén tír inar tógadh mé Dúirt mé leo i mBéarla Gur tógadh mé in Éirinn Láimh le Loch Eirne I gCoillidh Lios na Raoch Bhí seanbhean insan chlúdaigh Is stocaí ar a glúiní D'éirigh sí go lúcháireach Agus chraith sí liomsa lámh "Sheacht mh'anam, fear mo thíre Thar a bhfaca mé ariamh de dhaoine Nár tógadh mise in Éirinn I mBaile Lios Béal Áinetha" Rinne mé smaointiú i m'intinn Is lean mé dó go cinnte Go bpillfinn ar ais go hÉirinn An áit a sínfí mé faoin chlár Mar a bhfaighfinn lucht mo chaointe Is an t-aos óg atá lách aoibhinn A chaithfeadh liomsa an oíche Agus páirt mhór den lá