Altan - Molly Na gCuach Ni Chuilleanain lyrics

Published

0 152 0

Altan - Molly Na gCuach Ni Chuilleanain lyrics

Ar meisce cha dtéim níos mó Braon leanna go deo ní bhlaisfidh mé Ó chaill mé mo chailín beag óg A chuireadh i mo phócaí an t-airgead Curfá 1: Is fada liom uaim í, uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gcuach Ní Chuilleanáin Dhéanfaidh mé tigh ar an ard Is beidh ceithre ba bainne breaca agam Is ní ligfidh mé 'n duine dá gcomhair Ach Molly deas bhán Ní Chuilleanáin (Curfá 1) Curfá 2: Is fada liom uaim í, is fada liom uaim í Is fada liom uaim í ó d'imigh sí Is fada liom thíos agus thuas í Molly na gcuach Ní Chuilleanáin Dá mbeinnse i ndeacair an bháis Is na daoine a rá nach dtiocfainn as Ní dhéanfainn mo thiomna go brách Go dtiocfadh Moll bhán Ní Chuilleanáin (Curfá 2, curfá 1) Bhí mise lá ar an choill Is tharla dom soilse bhrádóige Dhéanfadh sí marbhán beo Nó buachaill deas óg den tseanduine (Curfá 1, curfá 2 2x)