Altan - Amhran Pheadair Bhreathnaigh lyrics

Published

0 100 0

Altan - Amhran Pheadair Bhreathnaigh lyrics

Tráth chuaigh mé seal tamailt ar cuairt Gur bhreatnaigh mé uaim an spéir Thart fá na hoileáin ó thuaidh Mar bheadh eilit agus cú 'na diaidh 'Sé deirfeadh gach duine fán chuan Tráth thuirling mé anuas fán ché Aithnim go maith ar do ghruaim Gur fear thú a bhfuil ruaig do dhiaidh Casadh domh cailín dheas óg Ach má casadh sí a labhair go géar Más fear thú a bhain do mhnaoi óig Cha mholaim rómhór do "thrade" Chonaic mé fear ar tír mór Is é ag imeacht gan bhróg inné Is dóigh liom gur tusa an fear óg Is go bhfuil ort an tóir do dhiaidh D'fhreagair mé an ainnir dheas óg Mar ghlac sí go mór mo scéal 'Stad do do mhagadh níos mó Nó ní duine den tseort sin mé Ach suigh thusa an*ll I mo chomhair Is bí ag an nós liom féin Nó rachaidh mé os coinne mo shróin Amach ar tír mór le léim Thit muid I dtuirse 's I mbrón Is d'fhiafraigh an óigbhean díom Cá bhfaighimis gloine le hól A thógfas an brón dar gcroí Tá teach beag ar leataobh an róid Agus coinníonn sé I gcónaí braon Gabh thusa gus "rappal" ar an bhord Is ní dhíolfaidh do phócaí phingin Bhí biotáilte fairsing go leor A raibh beagán 'á ól sa tír' 'S dá dtarrnóinnse Galún Uí Dhomhnaill B'fhurast mo scór a dhíol